← Bhí beirt acu iontach dóighiúil, agus bhí an bhean eile iontach gránna. 🔊
← Áit ar bith a rachadh an bheirt dhóighiúla, leanfadh an bhean ghránna iad. 🔊
← Lá amháin, tháinig an bheirt acu isteach ag a máthair agus d'iarr siad uirthi toirtín a dhéanamh daofa, nó go raibh siad ag imeacht. 🔊
← Rinne an mháthair amhlaidh, agus d'imigh an bheirt leo. 🔊
← Chuir sí ceist ar a máthair cá deachaigh an bheirt eile. 🔊
← Dúirt an mháthair léi gur chuir sise ar shiúl iad, ná go raibh sí ina ndiaidh achan áit a rachadh siad. 🔊
← Rinne an mháthair an toirtín agus d'imigh sí léi. 🔊
← Shiúil sí léi go gasta, nó go bhfuair sí suas leis an bheirt eile. 🔊
← Shiúil an triúr acu leo ansin, nó go raibh nóin bheag agus deireadh an lae ann, agus chuaigh siad isteach i dteach, an áit a raibh fathach mór. 🔊
← Nuair a tháinig am luighe ann, chuir an fathach trí ribín glasa ar a thriúr iníonacha, agus chuir sé deireadh na luighe i leaba amháin. 🔊
← I lár na hoíche, nuair a bhí deireadh ina gcodladh, d'éirigh Máire agus chuir sí na ribíní ar an triúr acu féin. 🔊
← D'éirigh an fathach go luath ar maidin, agus mharaigh sé na trí iníon féin, mar shíl sé gur an triúr eile a bhí ann. 🔊
← "Tá tú thall ansin a Mháire Bhaibín", arsa an fathach. 🔊
← "Mharaigh tú mo thrí níon" arsa an fathach léi. 🔊
← Seo scéal ó Scoil Náisiúna An Tor, Co. Dhún na nGall. 🔊
← Ba í Nóra Ní Cholla an scoláire a scríobh an scéal. 🔊
← Tá Scéim na gCúntóirí Teanga maoinithe ag An Roinn cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta. 🔊